
Tá an t-earrach san aer, ach an raibh a fhios agat go bhfuil séasúr feasachta idirnáisiúnta ar an aeráid díreach amach romhainn freisin? Beidh Lá an Domhain ann an 22 Aibreán, agus beidh Seachtain Ghlas an Aontais ar siúl ón 3 go dtí an 5 Meitheamh.
Sin an fáth a mbeidh an tríú séasúr d’fheachtas #ForOurPlanet á reáchtáil ag an Aontas ón 22 Aibreán go dtí an 5 Meitheamh. Deis atá ann do dhaoine aonair agus do scoileanna araon scéalta faoina gcuid gníomhaíochtaí a chomhroinnt chun an pláinéad a chosaint, a athbhunú agus aire a thabhairt dó ach úsáid a bhaint as an haischlib #ForOurPlanet.
I mbliana, díreofar mar chuid den fheachtas ar an geilleagar ciorclach, agus leagfar béim ar chleachtais dhearfacha atá éasca le cur i bhfeidhm: cad is féidir LEASTSA a dhéanamh? Tá níos mó i gceist leis ná díreach athchúrsáil a dhéanamh!
Athúsáid – Comhroinn – Uaschúrsáil – Deisigh!
An bhfuil scéal spreagúil agat? Glac páirt agus comhroinn do chuid oibre!
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 14 Aibreán 2025
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide